Dul chun cinn, rathúnas geilleagrach agus sláinte i mbaol mura méadaíonn Éire scála, luas agus uaillmhian na gníomhaíochta comhshaoil

Date released: October 02, 2024

  • Tá nuachóiriú agus rath ar Éirinn ó tháinig sí isteach san AE breis is 50 bliain ó shin - tá rathúnas agus sláinte sa todhchaí i mbaol mura ndéanaimid ár gcomhshaol a chosaint ar bhealach níos fearr.
  • Táimid i gcónaí ag iarraidh an bhearna a dhúnadh - is minic a bhíonn céim amháin chun cinn glactha i réimse amháin agus céim nó dhó siar glactha i réimse eile.
  • Tá tionchair dhearfacha ag gníomhartha ar go leor réimsí ach ní leor ar fad iad chun comhshaol sláintiúil a sholáthar.
  • Le tamall rófhada anuas níl de chuspóir againn ach ‘teacht tríd’, agus muid ag dréim le híoschaighdeáin amháin – i go leor cásanna, ní bhainimid amach iad go fiú.
  • Ní féidir gníomh tromchúiseach a chur siar - teastaíonn dul chun cinn gasta diongbháilte uainn i bhfeidhmíocht chomhshaoil atá á spreagadh ag seasamh beartais náisiúnta ar an gcomhshaol.
  • Cover of the State of the Environment Report 2024

     

D’fhoilsigh an GCC a Thuarascáil shuaitheanta do 2024 ar Staid an Chomhshaoil inniu. Léirítear sa tuarascáil go bhfuil Éire ag leanúint ar aghaidh ag iarraidh an bhearna a dhúnadh. Laghdaíodh ár spleáchas ar láithreáin líonta talún go mór ach táimid ag giniúint agus ag easpórtáil an iomarca dramhaíola. Rinneamar dul chun cinn maidir le feabhas a chur ar cháilíocht an aeir inár gcathracha, ach tá fianaise mhéadaitheach againn go bhfuil tionchar ag leibhéil ísle truaillithe aeir ar ár sláinte. Cé go bhfuil aghaidh tugtha againn ar thruailliú tromchúiseach i go leor aibhneacha agus lochanna, nílimid ag déanamh dul chun cinn ar an truailliú uisce níos forleithne ón iomarca cothaithigh.

Deirtear sa Tuarascáil, le tamall rófhada, go raibh sé de chuspóir againn a bheith ag maireachtáil agus íoschaighdeáin amháin mar ardaidhm againn, agus ansin i go leor cásanna gan iad a chomhlíonadh fiú. Léirítear sa tuarascáil nach bhfuil gníomhartha ar iliomad réimsí chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna ag teacht leis na brúnna atá ag méadú agus go leanann ár gcomhshaol ag díghrádú. De réir na tuarascála, is é an rud atá ag teastáil anois ná léim straitéiseach, comhfhís maidir le conas a chuirfimid ár saol in oiriúint agus conas a oibreoimid chun ár saol féin a chosaint laistigh de na deich mbliana atá romhainn, agus ráiteas beartais náisiúnta ar an gcomhshaol a chuireann an t-aistriú sin in iúl agus a chuireann chun cinn é.
 
Agus í ag labhairt ag seoladh na tuarascála, dúirt Laura Burke, Ard-Stiúrthóir an GCC:

“Tá dul chun cinn ollmhór déanta againn mar náisiún. Chuidigh ár mballraíocht san AE linn é sin a bhaint amach. Breathnaímid siar anois ar am nuair a bhí truailliú tionsclaíoch tromchúiseach againn inár n-aibhneacha, nuair a bhí muid ag brath ar os cionn céad dumpa cathrach, nuair a dhómar breosla toiteach inár gcathracha – agus ní féidir linn dul siar chuige sin choíche.

"Cé go bhfuil an áit ina bhfuilimid faoi láthair níos fearr,” a dúirt an tUas. Burke, “níl sé maith go leor, ná baol air. Táimid i gcónaí ar gcúl. Níl mórán aibhneacha truaillithe againn anois, ach is ar éigean atá aon abhainn gan mhilleadh fágtha againn ach an oiread. Déanaimid níos mó a athchúrsáil anois, ach déanaimid níos mó dramhaíola ná riamh agus easpórtálaimid go leor di. Táimid ag déanamh gníomhaíochtaí dearfacha ar fud réimsí éagsúla, ach níl siad ag coinneáil suas leis na brúnna atá ag méadú, agus tá brú á chur ar ár gcomhshaol. Ní hiad na hincrimintí anois an úsáid is fearr as am agus acmhainní atá gann: Caithfimid athrú bunúsach a dhéanamh.”

Chuirfeadh an t-athrú bunúsach sin, de réir na tuarascála, tús le seasamh beartais náisiúnta ar an gcomhshaol, a cheadódh pleanáil fhadtéarmach agus a chinnteodh go dtabharfaí tosaíocht don chomhshaol i gcónaí thar na blianta.

Aithnítear sa tuarascáil cúig phríomhréimse riachtanacha nach mór dúinn tosaíocht a thabhairt dóibh chun an tionchar a theastaíonn uainn a sheachadadh:

  • Tá géarghá againn le seasamh beartais náisiúnta ar an gcomhshaol.
  • Ní mór dúinn pleananna agus cláir reatha maidir leis an gcomhshaol a chur chun feidhme go dian chun na buntáistí a bhaint amach a forbraíodh iad faoina gcoinne.
  • Ní mór dúinn ár n-earnálacha fuinnimh, iompair, bia agus tionsclaíochta a athrú ó bhonn.
  • Ní mór dúinn infheistíocht a mhéadú i mbonneagar uisce, fuinnimh, iompair agus bainistíochta dramhaíola.
  • Ní mór dúinn tuiscint a bheith againn ar an nasc iomlán idir cosaint ár gcomhshaoil agus cosaint ár sláinte – déan dochar do cheann amháin agus déanaimid dochar don cheann eile.


“Tá a fhios againn cad atá le déanamh againn” a dúirt an tUas. Burke. “Is iad ár n earnálacha fuinnimh, iompair, bia agus tionsclaíochta croílár na háite ina bhféadfadh an claochlú sin tarlú, ina gcaithfidh sé agus ina dtarlóidh sé. Caithfimid ár n-acmhainní go léir a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán sin. Mura ndéantar gníomhú anois cuirtear athrú dosheachanta siar agus beidh an t-athrú sin i bhfad níos deacra, agus níos costasaí, níos moille ar aghaidh.”

Dúirt an Dr Micheál Lehane, Stiúrthóir an GCC:

“Is léir go bhfuil ár ndúshláin chomhshaoil idirnasctha agus tá siad casta. Ní mór dúinn gníomhaíocht a spreagadh ar fud spriocanna aeráide, bithéagsúlachta, tomhaltais inbhuanaithe agus truaillithe. Ní bheidh sé sin éasca agus ní féidir linn na dúshláin a bhaineann le bogadh chuig bealach de shochaí athghiniúna, ina bhfuil níos lú cur amú a mheas faoina luach. Tá aird tarraingthe ag an IPCC go bhfuil deis ann anois atá ag dúnadh go tapa chun todhchaí inchothaithe agus inbhuanaithe a chinntiú do chách. Níl sé inphléite. Teastaíonn uainn go mbeidh rath ar ár n-aer, ár n-uisce agus ár dtimpeallacht nádúrtha. Athraíonn tú don chomhshaol anois nó athróidh an comhshaol go buan muid agus an dóigh a mairfimid níos déanaí. Ní mór dúinne, in Éirinn, ár bpáirt a dhéanamh chun an todhchaí inbhuanaithe sin a fhíorú.”

Dúirt Laura Burke, Ardstiúrthóir an GCC:

“Ní féidir linn talamh slán a dhéanamh den chomhshaol a thuilleadh. Trí ghníomhartha diongbháilte a ghlacadh, cinnteoimid nach mbeimid ag dul siar, nó ag líonadh bearna. Caithfimid a bheith chun tosaigh, an uair seo. Tá comhshaol níos sláintiúla insroichte do chách agus is féidir linn é a fháil.”

Tá an Tuarascáil chuimsitheach seo ar Staid an Chomhshaoil ar fáil le híoslódáil ó shuíomh gréasáin an GCC.

CRÍOCH

Teagmháil: Emily Williamson, Oifig GCC um Chaidreamh leis na Meáin, 053-9170770 (24 uair an chloig) nó media@epa.ie.

NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR

Is í seo an t-ochtú tuarascáil ar Staid an Chomhshaoil a chlúdaíonn 30 bliain. Tugtar léi
an measúnú is cuimsithí ar chomhshaol na hÉireann go dtí seo.

Cuirtear ar fáil sa Tuarascáil seo bonn fianaise don phobal, lucht déanta beartais, eagraíochtaí neamhrialtasacha, grúpaí pobail, gnólachtaí agus daoine eile chun cabhrú leo cinntí feasacha a dhéanamh faoi cad is féidir leo a dhéanamh chun an comhshaol a chosaint agus a fheabhsú.

Tugtar le Tuarascáil 2024 ar Staid an Chomhshaoil measúnú comhtháite ar cháilíocht fhoriomlán chomhshaol na hÉireann, ar na brúnna atá á gcur air agus ar fhreagraí reatha ar shaincheisteanna comhshaoil. Foilsítear an tuarascáil seo gach ceithre bliana agus clúdaíonn an t-ochtú ceann sa tsraith athrú aeráide, cáilíocht an aeir, torann, cáilíocht uisce (idir intíre agus mhuirí), úsáid na talún, ithir agus nádúr. Áirítear léi ceithre mheasúnú chomhtháite ar an gcomhshaol le tionscal, iompar, fuinneamh agus talmhaíocht agus breathnaítear ar na hidirghníomhaíochtaí tábhachtacha freisin idir an comhshaol agus sláinte agus an geilleagar ciorclach.    I measc tuilleadh príomhtheachtaireachtaí tá:

  • Léiríonn méadú gasta ar ghiniúint leictreachais ó fhoinsí in-athnuaite agus comharthaí luatha ar mhéaduithe ar úsáid iompair phoiblí go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ach táimid i bhfad ón marc chun spriocanna náisiúnta agus an AE maidir le maolú aeráide a bhaint amach.
  • Tá an bhithéagsúlacht i dtrioblóid mhór ar fud réimse speiceas agus gnáthóg agus tá beagnach trian dár speicis faoi chosaint an AE agus 85 faoin gcéad de na gnáthóga atá faoi chosaint an AE i stádas neamhfhabhrach.
  • Níl cáilíocht an uisce ag comhlíonadh riachtanais na Creat-treorach Uisce agus níl na treochtaí cothaitheach in uisce ag feabhsú.
  • Tá méadú ag teacht ar ídiú acmhainní ábhartha, agus níl ár rátaí athchúrsála ag coinneáil suas leis an méadú, rud a fhágann gur dócha nach gcomhlíonfaidh Éire spriocanna an AE.
  • Bainfidh tairbhe mhór dár sláinte agus dár bhfolláine agus dár gcomhshaol le dul i ngleic le neamhchosaintí díobhálacha (amhail truailliú aeir, radón, torann), oiriúnú do thionchair ar an aeráid agus iad a mhaolú.
  • Ní mór dúinn bealach a aimsiú chun aghaidh a thabhairt ar ár n-úsáid talún ionas go soláthróidh sé an bia, an fuinneamh agus na hábhair a mbímid ag brath orthu agus ag an am céanna go mbeidh athghiniúint déanta ar cháilíocht ár dtimpeallachta nádúrtha, atá ag dul i léig. Éileoidh sé sin teagmháil leanúnach le húinéirí talún chun fís a fhorbairt a bhainfidh é sin amach agus tacaíocht leordhóthanach chun é a chur i gcrích.