Foilsíonn GCC a Thuarascáil Bhliantúil agus a Chuntais Bhliantúla le haghaidh 2023

Date released: August 08, 2024

8 Lúnasa 2024: D’fhoilsigh an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC) a Tuarascáil Bhliantúil agus a Cuntais Bhliantúla le haghaidh 2023 inniu. Tá siad i gcomhthráth leis an gcomóradh tríocha bliain ar bhunú GCC, agus leagtar amach iontu gníomhaíocht GCC in 2023.

Tugtar forléargas sa Tuarascáil Bhliantúil agus sna Cuntais Bhliantúla le haghaidh 2023 ar ról GCC mar rialtóir, ar mhonatóireacht agus measúnú GCC ar an gcomhshaol, agus ar léargas agus anailís ar ghníomhú ar son na haeráide agus ar tháirgeadh agus tomhaltas inbhuanaithe. Ag trácht di ar an tuarascáil bhliantúil, dúirt Laura Burke, Ard-Stiúrthóir:

“Cé go bhfuil méadú as cuimse tagtha ar shainchúram GCC ó bunaíodh muid tríocha bliain ó shin, tá croílár an méid a dhéanaimid fós mar an gcéanna i gcónaí – rialaímid gníomhaíochtaí a d’fhéadfadh truailliú suntasach a dhéanamh. Cuirimid sonraí tráthúla agus iontaofa, agus sonraí ar féidir brath orthu, ar fáil faoi chúrsaí comhshaoil na hÉireann. Oibrímid i gcomhar le daoine eile i dtreo torthaí comhshaoil níos fearr. Tá ról GCC maidir lenár gcomhshaol a chosaint, a fheabhsú agus a athbhunú níos ábhartha ná mar a bhí riamh.”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Ard-Stiúrthóir Burke freisin:

“Bhí torthaí idir mhaith agus olc ann maidir leis an gcomhshaol in 2023. Léirigh sonraí GCC go raibh astaíochtaí gás ceaptha teasa na hÉireann in 2023 ar an leibhéal ab ísle le breis agus tríocha bliain anuas, ach ní mór dúinn cur leis sin anois chun ár ngealltanais náisiúnta agus idirnáisiúnta a chomhlíonadh. D’aithin GCC, bíodh is go bhfuil cáilíocht an uisce óil an-ard, nach bhfuil athléimneacht na soláthairtí uisce óil poiblí láidir go leor agus go bhféadfadh soláthairtí príobháideacha óil nach ndéantar monatóireacht orthu a bheith ina mbaol don tsláinte phoiblí. Ba chúis díomá é freisin a thuairisciú i gcaitheamh na bliana nach bhfuil aon fheabhsú foriomlán tagtha ar cháilíocht ár n-uisce agus go bhfuil meánleibhéil níotráite agus fosfair gan athrú den chuid is mó.”

Ar roinnt buaicphointí ó ghníomhaíochtaí GCC in 2023 bhí:

  • seoladh tairseach LEAP, seirbhís nua ar líne a ligeann don phobal breathnú ar na gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin, na gníomhartha agus na teachtaireachtaí idir GCC agus ceadúnaithe agus sealbhóirí ceadanna.
  • gníomhaíochtaí ceadúnúcháin chun tacú le slándáil sholáthar leictreachais na hÉireann.
  • iarrachtaí forfheidhmiúcháin dírithe ar bhainistiú dramhaíola ag saoráidí bainistithe dramhaíola, ar bhaint neamhúdaraithe móna agus i gcás ina raibh tionchar ag gníomhaíochtaí ceadúnaithe ar cháilíocht an uisce.
  • seoladh réamhaisnéise náisiúnta maidir le cáilíocht an aeir chun tuilleadh faisnéise a chur ar fáil don phobal maidir le cáilíocht an aeir a bhfuiltear ag súil léi in Éirinn.
  • cur i bhfeidhm an tionscnaimh eolaíochta saoránach ‘Aer Glan Le Chéile’ i nGaillimh
  • fógra ar mhaoiniú €16 milliún le haghaidh tionscadal nua taighde

Tá Tuarascáil Bhliantúil agus Cuntais GCC le haghaidh 2023 ar fáil i mBéarla agus i nGaeilge araon ar shuíomh gréasáin GCC.