Ár bhfreagrachtaí
Ceadúnú
Déanaimid na gníomhaíochtaí seo a leanas a rialú ionas nach ndéanann siad dochar do shláinte an phobail ná don chomhshaol:
- saoráidí dramhaíola (m.sh. láithreáin líonta talún, loisceoirí, stáisiúin aistrithe dramhaíola);
- gníomhaíochtaí tionsclaíocha ar scála mór (m.sh. déantúsaíocht cógaisíochta, déantúsaíocht stroighne, stáisiúin chumhachta);
- an diantalmhaíocht (m.sh. muca, éanlaith);
- úsáid shrianta agus scaoileadh rialaithe Orgánach Géinmhodhnaithe (OGM);
- foinsí radaíochta ianúcháin (m.sh. trealamh x-gha agus radaiteiripe, foinsí tionsclaíocha);
- áiseanna móra stórála peitril;
- scardadh dramhuisce; gníomhaíochtaí dumpála ar farraige
Forfheidhmiú Náisiúnta i leith Cúrsaí Comhshaoil
- Clár náisiúnta iniúchtaí agus cigireachtaí a dhéanamh gach bliain ar shaoráidí a bhfuil ceadúnas ón EPA acu.
- Maoirseacht a dhéanamh ar fhreagrachtaí cosanta comhshaoil na n-údarás áitiúil.
- Caighdeán an uisce óil, arna sholáthar ag soláthraithe uisce phoiblí, a mhaoirsiú.
- Obair le húdaráis áitiúla agus le gníomhaireachtaí eile chun dul i ngleic le coireanna comhshaoil trí chomhordú a dhéanamh ar líonra forfheidhmiúcháin náisiúnta, trí dhíriú ar chiontóirí, agus trí mhaoirsiú a dhéanamh ar leasúchán.
- Cur i bhfeidhm rialachán ar nós na Rialachán um Dhramhthrealamh Leictreach agus Leictreonach (DTLL), um Shrian ar Shubstaintí Guaiseacha agus na Rialachán um rialú ar shubstaintí a ídíonn an ciseal ózóin.
- An dlí a chur orthu siúd a bhriseann dlí an chomhshaoil agus a dhéanann dochar don chomhshaol.
Bainistíocht Uisce
- Monatóireacht agus tuairisciú a dhéanamh ar cháilíocht aibhneacha, lochanna, uiscí idirchriosacha agus cósta na hÉireann, agus screamhuiscí; leibhéil uisce agus sruthanna aibhneacha a thomhas.
- Comhordú náisiúnta agus maoirsiú a dhéanamh ar an gCreat-Treoir Uisce.
- Monatóireacht agus tuairisciú a dhéanamh ar Cháilíocht an Uisce Snámha.
- Monatóireacht, Anailís agus Tuairisciú ar an gComhshaol.
- Monatóireacht a dhéanamh ar cháilíocht an aeir agus Treoir an AE maidir le hAer Glan don Eoraip (CAFÉ) a chur chun feidhme.
- Tuairisciú neamhspleách le cabhrú le cinnteoireacht an rialtais náisiúnta agus na n-údarás áitiúil (m.sh. tuairisciú tréimhsiúil ar staid Chomhshaol na hÉireann agus Tuarascálacha ar Tháscairí).
Rialú Astaíochtaí na nGás Ceaptha Teasa in Éirinn
- Fardail agus réamh-mheastacháin na hÉireann maidir le gáis cheaptha teasa a ullmhú.
- An Treoir maidir le Trádáil Astaíochtaí a chur chun feidhme i gcomhair breis agus 100 de na táirgeoirí dé-ocsaíde carbóin is mó in Éirinn.
Taighde agus Forbairt Comhshaoil
- Taighde comhshaoil a chistiú chun brúnna a shainaithint, bonn eolais a chur faoi bheartais, agus réitigh a sholáthar i réimsí na haeráide, an uisce agus na hinbhuanaitheachta.
- Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta.
- Measúnacht a dhéanamh ar thionchar pleananna agus clár beartaithe ar an gcomhshaol in Éirinn (m.sh. mórphleananna forbartha).
Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta
- Measúnacht a dhéanamh ar thionchar pleananna agus clár beartaithe ar an gcomhshaol in Éirinn (m.sh. mórphleananna forbartha).
Cosaint Raideolaíoch
- Monatóireacht a dhéanamh ar leibhéil radaíochta, measúnacht a dhéanamh ar nochtadh mhuintir na hÉireann don radaíocht ianúcháin.
- Cabhrú le pleananna náisiúnta a fhorbairt le haghaidh éigeandálaí ag eascairt as taismí núicléacha.
- Monatóireacht a dhéanamh ar fhorbairtí thar lear a bhaineann le saoráidí núicléacha agus leis an tsábháilteacht raideolaíochta.
- Sainseirbhísí cosanta ar an radaíocht a sholáthar, nó maoirsiú a dhéanamh ar sholáthar na seirbhísí sin.
Treoir, Faisnéis Inrochtana agus Oideachas
- Comhairle agus treoir a chur ar fáil d’earnáil na tionsclaíochta agus don phobal maidir le hábhair a bhaineann le caomhnú an chomhshaoil agus leis an gcosaint raideolaíoch.
- Faisnéis thráthúil ar an gcomhshaol ar a bhfuil fáil éasca a chur ar fáil chun rannpháirtíocht an phobail a spreagadh sa chinnteoireacht i ndáil leis an gcomhshaol (m.sh. Timpeall an Tí, léarscáileanna radóin).
- Comhairle a chur ar fáil don Rialtas maidir le hábhair a bhaineann leis an tsábháilteacht raideolaíoch agus le cúrsaí práinnfhreagartha.
- Plean Náisiúnta Bainistíochta Dramhaíola Guaisí a fhorbairt chun dramhaíl ghuaiseach a chosc agus a bhainistiú.
Múscailt Feasachta agus Athrú Iompraíochta
- Feasacht chomhshaoil níos fearr a ghiniúint agus dul i bhfeidhm ar athrú iompraíochta dearfach trí thacú le gnóthais, le pobail agus le teaghlaigh a bheith níos éifeachtúla ar acmhainní.
- Tástáil le haghaidh radóin a chur chun cinn i dtithe agus in ionaid oibre, agus gníomhartha leasúcháin a spreagadh nuair is gá.